musicas.mus.br

Letras de músicas - letra de música - letra da música - letras e cifras - letras traduzidas - letra traduzida - lyrics - paroles - lyric - canciones - LE CHéILE I BHFORAOIS SHOLAS NA GEALAí - BAYONETTA - música e letra

Utilize o abecedário abaixo para abrir as páginas de letras dos artistas

A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z

Le Chéile i bhForaois Sholas na Gealaí letra


I lár na hoíche, gealach lonrach
Aduantas rúnda, dorcha, ársa
Caillte is tuirseach, aonarach uaigneach
Scáth ag fásadh im' chroí

Cad é an té sin idir na craobha
Ollphéist nó aosán, aosán ghránna?
Feicim cat fiáin, piscín draíochta
Fuacht ag fásadh im' chroí

Fada ó mo ghaolta, fágtha i m'aonar
Mothúcháin rúnach ag teacht 's ag méadú
An namhaid nó cara é mo chaomhnaí?
An féidir liom an neart ‘tá uaim a aimsiú?

Cad é an té sin 'n achrann na coille
Amhailt nó taibhse, síog diongna?
Níl aon creideamh ann im’ shúile
Muinín ag fásadh im' chroí
I measc na coillte, scaipeadh drúchta
Cara mo chéile, piscín fíochmhar
Taobh le taobh, comhaontach le chéile
Níl mé fágtha liom féin

Sracadh leis an saol, ag sracadh le chéile
Mothúcháin rúnach ag teacht 's ag éalú
Braithim anfa 'g eirí níos measa
Mothaím an chumhacht 'tá ionaim ag méadú

I lár na hoíche, gealach lonrach, ('níl mé fágtha liom féin)
Cara mo chéile, piscín allta (mo chara allta)
Imní ag éalú, ag éalú
Níl mé fágtha liom féin

Sian na gaoithe faoi loinnir na réalta
Níl mé fágtha, fágtha liom féin
Fada ó mo ghaolta bhí mé i m'aonar
Mothúcháin rúnach ag teacht 's ag éalú
Ach mar gheall ar ár scaradh óna chéile
Mothaím an t-uaigneas ‘tá ionam ag ardú

Fada ó mo ghaolta
I measc na coillte beidh mé fágtha liom féin
Caillte im' chroí titeann na deora

Bayonetta - Letras

top 30 músicas

©2003 - 2024 - musicas.mus.br